Page:Irish minstrelsy, vol 2 - Hardiman.djvu/157

This page has been proofread, but needs to be validated.
NOTES.
145


DROIMIN DUBH O!

A Dhroimin dhuibh dhílis, a scoith shíoda na món’,
Cá bh-fuil do mhuintir, nó an maireann siad beódh?
Tá siad ann sna dígibh sínte faoí an bh-fód
Ag súil le Rígh Séamas do thígheacht ann sa’ g-coróinn.

Dá bh-faghainn-si cead aoíbhnis no radharc air an
g-coróinn.
Thriallfainn go Sacsan d’oídhche a’s do lo,
Ag siúbhal boga a’s curráighthe agus sleibhte dubha
ceóidh,
No go sínnfear air drumaibh an Droimin dhuibh ó!

Dia do bheatha do’n m-baile a Dhroimin dhuibh ó!
Badh mhaith do chuid bainne a’s ba mhilis le h-ól,
Do chaoínfinn do leaca a’s do chúm cailce mar rós,
A’s do mhalairt ní dhéanfad a Dhroimin dhuibh O!

In Conaught, the following inferior fragment is sometimes heard. We cannot add, cætera deflenda sunt.

D’éirigh me féin air maidin dé Dómhnaich,
A’s fuair me mo dhruimin dubh báidhte i b-poll móna,
Ghread me na basa a’s chuir me na gártha,
Faoi mo Dhruimin duibh dhílis, gan a leagaint slán dam,
Oró a Dhruimin dubh, oró,
A’s a Dhruimin dubh dhílis go m-bí tú slán.

VOL. II.
L