This page has been proofread, but needs to be validated.
225

dubhairt, Chuir mo

mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh bídh dó fhéin ⁊ do bheagán da chuid fear. Da ndeánadh spólla amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Acht tá tarbh air an oileán seo a chuinnighidh trían de’n oileán dó fhéin le ar linn. Má mharbhann sibh an tarbh, bidheadh sé agaibh ⁊ mur marbhaidh, bidhidh folamh. Cá bhfuil an tarbh? arsé. Teiseanadh dó an taobh de’n oileán i robh an tarbh an lá seo. Thug sé leis Conán. Nuair chuaidh siad i ngearr do’n tarbh, rinne sé búirthe mór ⁊ thairng orrthú. Chuir Giolla na gCochall Craicionn a chlóca air an taobh bu neise do’n tarbh de’n árd. Chuaidh é fhéin air an taobh eile. Chuir an tarbh a dhá adhairc fríd an chlóca ⁊ go bun asteach san árd. Léim Giolla na gCochall Craicionn ⁊ bhuail é le n‑a chlaidhimh. Bhain an ceann de. A Chonáin, arsé, iomchrachaidh mise an cholann ⁊ iomchuir thusa an ceann. Ní robh ann acht go robh Conán ábalta an ceann do chorrughadh. Bhfuil tú ag teacht? arsa Giolla na gCochall Craicionn. Ní’l, arsa Conán. Saoilim go bhfuil seo ró-throm agam. Chuir sé a lámh thart. Fuair greim adhairce air an cheann ⁊ air lurga Chonáin. Shiubhail leis gur chaith de an beairtín i dteach na n‑amhas. A Fhinn, tá biadh annseo acht ní’l teini air bith. Caithfidh muid gléas bruithe do fhagháil do’n tarbh. D’imthigh ’un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh gléas bruithe do’n tarbh. Da ndeánadh an pota is lúgh anns an teach maith dhuid, ni bhfuightheá é acht má bheir an cócaire cead duid spólla do chur san phota, bidheadh agad, ⁊ mur dtugaidh, béidh tú folamh. Chuaidh annsair an chócaire. Dubhairt an cócaire nach bhfuigheadh cead aon spólla amháin do chuir anns an choire. Rug sé air an choire. Thóg é amach de’n obair cloiche. Thug thart é ⁊ leig steall mbor de’n bhroth thart air na cócairí. Dhóigh ’un báis iad. Dubhairt le Fionn, tá teini de dhíth orrainn anois. Chuaidh ’un an chaisleáin. Chuir mo mháighistir Fionn mé annseo do iarraidh teineadh. Da ndeánadh spliota amháin maith dó, ní bhfuigheadh sé é. Chuir sé a dhá láimh fá’n chual chonnaidh. Thug leis i go teach na n‑amhas. Chuir teini inntí. Chuir an coire orrthí ⁊ roinn mhór de’n tarbh ann. D’ith siad a sáith ⁊ chodail an oidhche sin. Air maidin go luath dubhairt Giolla na gCochall Craicionn, A Dhiarmuid, is uaid a tugadh an bhean. Is ort a thig an chéad troid. Scíothán Sceólannach a thug leis do bhean. Is ort é do throid aniu. A Ghiolla dhílis, arsa Fionn, ní’l gar do aon duine da bhfuil annseo do dhul do throid acht thú fhéin. Chuaidh Giolla na gCochall Craicionn suas ’un an chaisleáin. Bhuail buille san chuaille comhraic. D’innis do’n