This page has been proofread, but needs to be validated.
229

aithneachaidh sé thú. Ó faraor thú, arsa Giolla. Is fearr an aithne atá aige ormsa ná tá agadsa, ⁊ is ro-fhearr an ceart atá aige air. Glac mo chomairle, arsa Fionn. Ní robh ann acht go robh sé air ais, nuair bhí an long choimhightheach bórd air bhórd leobhtha. Aon fhear amháin faoi arm ⁊ éideadh air thaiste na luinge. Rinne sé gáire ⁊ dubhairt sé, Tá rann agam dhuid—

Aithnighim thú ⁊ ní h‑air d’éadach,
Acht air do rosc gréagach glan.
Is fíor sin ⁊ ní bréag é
Gur tú Céadach mac rí na dTulach.

A Chéadaigh, bhfuil cuimhne agad air do mhargadh liomsa i nÉirinn? Tá, arsa Céadach. Buail do bhuille. Nuair chonnaic Céadach gur b’é buille Lonndubh an chéad bhuille bhéidheadh buailte, bhuail sé a bhuille fhéin ⁊ scaith gach fear ocú an ceann de’n fhear eile. Thuit gach fear ocú air thaiste a luinge fhéin ⁊ d’imthigh an long choimhthigheach an bealach a dtainic sí go bun an aeir. Scairt Fionn air a bhunadh, go ndeánadh siad buaidhreadh mór ⁊ d’innis dóbhtha, nach duine air bith níos lugh ná mac ríogh na dTulach an fear bhí ocú. Bhí buaidhreadh an-mhór air Fhionn ⁊ air a bhunadh fá n‑a bhás ⁊ bhí doilghios orrthú do theacht abhaile annsair a bhean ⁊ é marbh. Chóirigh siad a cholann le spíosaraí ⁊ thairng siad air an bhaile. An oidhche sin thainic ceó mór, gaoth ⁊ doinionn a chuir iad da gcúrsa. Bhí siad air seachrán. Ní robh fhios ocú cá robh siad ag dul air feadh mórán laethe. Shocraigh an doinionn ⁊ bu ghoirid go bhfuair siad (do) theacht abhaile. Nuair chonnaic Scaith Shíoda ní Mhanannán a fear fhéin marbh, bhí buaidhreadh dóchuimsí orrthí. Bhí buaidhreadh air Fhionn ⁊ air an Fhéinn go léir. Bhí buaidhreadh mór air Dhiarmuid ⁊ air a bhean. Dubhairt Fionn le Scaith Shíoda go bhfhuigheadh sí a raogha fear da robh i nÉirinn. Dubhairt Scaith Shíoda nach robh fear air bith aige a gheánfadh áit a fir fhéin, acht é long do thabhairt dithe go gcóireachadh sí a fear ann spíosaraí, go gcaoineadh sí a sáith an uile lá os a cheann ⁊ go bhfuigheadh sí bás anns an long chéadna a robh a fear. Ghléas Fionn an long ab fhearr i nÉirinn dithe. Cuireadh asteach anns an luing corp Chéadaigh ann gcófra airigid. Chuaidh sí fhéin air bórd ⁊ bu chuma léithe go dé an bealach a rachadh an long. Ní robh fhios aicí ca fhad bhí sí air fairge acht bhi sí i bhfad, mórán bliadhanta. Fá dheireadh bhuail an long air thalamh. Bhí sí tuirseach air fairge. Thainic sí air tír mór. Chonnaic sí caisleán mor i ngar (ngearr) dithe. Shiubhail sí

suas