A Dialect of Donegal/Texts/Eóin Ua Míodhchán agus an Sionnach

1219701A Dialect of Donegal — Eóin Ua Míodhchán agus an SionnachE. C. Quiggin

õ:n′ α m′iəχαn αgəs ə ʃïNαχ.

vi: õ:n′ α m′iəχαn Nα χõ:ni: ə mwel′ i: α:rə ə wo̤gəs də Nα k′αLə.

Eóin Ua Míodhchán agus an Sionnach.

Bhí Eóin Ua Míodhchán na chomhnuidhe i mbaile Ui Ára i bhfogus do na Cealla.

ĩ:ç α:r′it′ə αgəs e: l′eʃ hein′, t′in′i wα͠ıç` ɛg′ə, li ʃɛ suəs ər l′αbwi: ə di:w ə tiə. Oidhche áirite ⁊ é leis fhéin, teine mhaith aige, luigh sé suas air leabaidh i dtaobh an tighe.
N′i: ro ʃə Nə χo̤Luw αχ ə d′α:nuw α ʃk′i:ʃt′ə. Ní robh sé na chodladh acht ag deánadh a scíste.
vi: n χõ:lə Nə ʃɔ:l fαsky:. Bhí an chomhla na seól fascaidh.
vi: Nə Lαχæn′ əNsə t′αmrə ə vi: ə gu:L Nə t′in′uw. Bhí na lachain anns an tseomra a bhí i gcúl na teineadh.
hen′i ʃɛ N′ ʃïNαχ ɛg′ əN dɔrəs ə gα͠uwərk əʃt′αχ. Chonnaic sé an sionnach aig an dorus ag amharc asteach.
g′ïN tαmwiL′ hen′i ʃɛ ʃt′αχ g′ïtə b′ïg ɛl′ə. I gceann tamaill thainic sé as teach giota beag eile.
dα͠uwərsə ər′ fo̤d ə tiə. D’amhairc sé air fud an tighe.
N′i: rɔ din′ er′ b′iç` l′ɛ f′ɛk′αl ɛg′ə. Ní robh duine air bith le feiceál aige.
hen′i ʃɛ ʃt′αχ gər hæʃ ʃə er′ ə No̤rLαr. Thainic sé asteach gur sheas sé air an urlár.
N′i: rɔ din′ er′ b′iç` l′ɛ f′ɛk′αl ɛg′ə. Ní robh duine air bith le feiceál aige.
vi: dɔrəs ə ru:m fɔskiL′t′ə αgəs χUi N′ ʃïNαχ suəs əNə ru:m. Bhí dorus an rúm foscailte ⁊ chuaidh an sionnach suas ’un an rúm.
d′eir′i: glɔ:r mo:r ɛg() Nə Lαχæn′ αgəs iəd ə g′ɛ′t′əLy: ə hiuw gə tiuw dən ṟu:m. D’éirigh glór mór aig na lachain ⁊ iad ag eiteallaigh o thaobh go taobh de’n rúm.
ho̤g õ:n′ L′ɛ:m′ əNə dɔriʃ. Thug Eóin léim ’un an dorais.
vi: n ꬶre:p′ Nə ʃαsuw eg() ti:w (ti:v) ə do̤riʃ. Bhí an ghrape na seasadh aig taobh (taoibh) an dorais.
ro̤g ʃɛ er′ ə ꬶre:p′ αgəs ho̤g ʃɛ mo:d′ə Nαχ rαχuw N′ ʃïNαχ əmαχ gə mαrəwət() ʃə ə. Rug sé air an ghrape ⁊ thug sé móide nach rachadh an sionnach amach go marbhadh sé é.
hen′ik′ ə ʃïNαχ əNuəs əs ə ru:m αgəs vi: ʃə (ə)No̤N αgəs əNαL f′ɛəχiN′t′ gəd′e: ə t′l′i: ə wi:t() ʃə əmαχ. Thainic an sionnach anuas as an rúm ⁊ bhí sé anonn ⁊ anall ag féachaint go dé an tslighe a bhfuigheadh sé amach.
αχ vi: õ:n′ sə dɔrəs αgəs ə ꬶre:p′ ɛg′ə. Acht bhí Eóin san dorus ⁊ an ghrape aige.
Ner′ ə hen′ik′ ə ʃïNαχ Nαχ wi:t() ʃə mαχ, ro̤g ʃɛ ər′ v′r′i:ʃt′ə õ:n′ ə vi: er′ ə χαihçir′ ɛg() kɔləwə Nə L′αpə αgəs hαrN′ ʃə n b′r′i:ʃt′ə trαsNə Nə t′in′uw. Nuair chonnaic an sionnach nach bhfuigheadh sé amach, rug sé air bhríste Eóin a bhí air an chathair aig colbha na leapa ⁊ thairn sé an bríste trasna na teineadh.
ho̤g õ:n′ m′ïN el′ə Nαχ rαχuw N′ ʃïNαχ əmαχ gə mαrəwət() ʃeʃən ə. Thug Eóin mionn eile nach rachadh an sionnach amach go marbhadh seisean é.
vi: N′ ʃïNαχ əN′i:s αgəs ʃi:s ə to̤rLαr ə kï̃vαd õ:n′ αgəs ə do̤riʃ. Bhí an sionnach aníos ⁊ síos an t‑urlár ag coimheád Eóin ⁊ an dorais.
Ner′ ə hen′i ʃɛ Nær′ α:g õ:n′ ə dɔrəs αgəs vi: n b′r′i:ʃt′ə dɔ:t′ə, ro̤g ʃə er′ ə tu:ʃi:n′ αgəs hɔʃi: dα hαrN′t′ əNə t′in′uw. Nuair chonnaic sé nar fhág Eóin an dorus ⁊ bhí an bríste dóighte, rug sé air an tsúisín ⁊ thoisigh da thairnt ’un na teineadh.
hen′ik′ õ:n′ gə Nɔihət() ʃə N′t′αχ. Chonnaic Eóin go ndóighfeadh sé an teach.
ho̤g ʃɛ L′ɛ:m′ əN′i:s ə Nαrəkiʃ. Thug sé léim aníos ann a aracais.
ho̤g ʃɛ jïri: dən ꬶre:p′ er′ αχ ꬶu:bəl′ ə ʃïNαχ hαrt αgəs fwy:rsə mαχ. Thug se iarraidh de’n ghrape air acht dhúbail an sionnach thart ⁊ fuair sé amach.
vr′iʃ õ:n α ꬶre:p′ αgəs vi: ə v′r′i:ʃt′ə dɔ:t′ə αgəs ə ʃïNαχ ïm′i:ʃt′ə. Bhris Eóin a ghrape ⁊ bhí a bhríste dóighte ⁊ an sionnach imthighiste.