A Dialect of Donegal/Texts/Na trí daill agus an Chevalier i mBaile-átha-clíath

A Dialect of Donegal
Na trí daill agus an Chevalier i mBaile-átha-clíath
1219713A Dialect of Donegal — Na trí daill agus an Chevalier i mBaile-átha-clíath

Nα t′r′i: diL′ αgəs ə ʃɛvαli:r ə mwæl′αk′liə.

‑tα: :to̤məL ·ger′id′ ɔ :hin′ | ‑vi: ·t′r′i: ·diL′ ə mwæl′α·k′l′iə ||

Na trí daill ⁊ an Chevalier i mBaile-átha-clíath.

Tá tamall goirid o shoin bhí trí daill i mBaile-atha-clíath.

bə:je: ·No̤bwir′ ·gαχ ·Lα: | ə :g′ïri: Nə ·deir′k′ə || Budh é a n‑obair gach la ag iarraidh na deirce.
·Lα: ə·wα̃:n′ ·α:r′it′ | ·χαs dαi:çel′ə Nα ·t′r′i: ·bαky: | er ·ꬶreçəd :wæl′α·k′l′iə || La amhain airite chas da chéile na trí bacaigh air dhroichead Bhaile-atha-Clíath.
‑vi: ·en̥′ ‑okuw ·er′ ə :çel′ə || Bhí aithne ocu air a chéile.
‑vi: ‑kɔ ·hɔ:lαχ er′ ə wel′ə | s gə ·denik′ ‑l′eʃ ə ·Nïl′ə ·ꬶin′ :ɔkuw | ·hαχt əNə ·hi: ·vig ·hein′ :trα·no:nə || Bhí co heólach air an bhaile ’s go dtainic leis an uile dhuine ocu ’theacht ’un a thighe bhig fhéin tráthnóna.
‑vi: N′ ·t′r′u:r ə :d′αnuw ·mwær′igni: | er′ kɔ ′hɔlk αgəs ·d′eir′i N ·Lα: :l′ɔ:fə || Bhí an triúr ag déanamh mairignigh air co holc ⁊ d’éirigh an lá leóbhtha.
vi: ·ʃɛvαli:r ə :gɔl ə ·vαli: || Bhí chevalier ag dul an bhealaigh.
·smwi:t′i: ʃə gə ·N′αn̥it() ʃə ·g′r′αN :ɔr̥uw || Smaoitidh sé go ndéanfadh sé greann orthú.
‑vi: ·en̥′ ɛg() Nə ·diL′ :er′ | αgəs αs ·m′in′ik′ ə :ho̤g ʃə ·ær′əg′əd :dɔ:fə || Bhí aithne aig na daill air ⁊ is minic a thug sé airgead dóbhtha.
·d′iəfri: ʃə :di:fə gə:d′e: mər ·vi: ‑ʃəd || D’fhiafruigh sé díobhtha goidé mar bhí siad.
:du:rsiəd gə :ro gə ·hɔlk | ‑Nαχ :wu:rsəd ·p′ïktu:r Nə ·bα:nṟi:n ə·N′Uw̥ || Dubhairt siad go rabh go holc, nach bhfuair siad pioctúr na banrioghan aniu.
·d′iəfri: ʃə ə :N′αn̥uw ·po̤Ntə :mαi :dɔ:fə | ‑αgəs :du:r :siəd gə :N′αn̥uw ·N′ïl′ə ·çin′αl ·mαiç || D’fhiafruigh sé an ndéanfadh punta maith dóbhtha ⁊ dubhairt siad go ndéanfadh an uile chinéal maith.
:ʃɔ :di:v ·po̤Nt ər:se: || Seo díbh punta arsé.
:d′αnig′i: mər ·rö̤: :ro̤d :l′eʃ || Déanaigidh bhur rogha rud leis.
·hi:n′ :gαχ ·⅄:n dəN′ ·t′r′u:r ə·mαχ ə ·lα̃:uw | ‑αgəs :N′i:r′ :χo̤rsə ·dαdi: ɛr ·lα̃:v er′ ·biç || Shín gach aon de’n triúr amach a lámh ⁊ níor chuir sé dadaí air láimh air bith.
:niʃ ər:se: | :d′αnig′i: mər ­rö̤: :ro̤d :l′eʃ ‑ʃïn′ || Anois, arsé, déanaigidh bhur rogha rud leis sin.
­çu:L′ ʃɛ ­l′eʃ | αgəs ­dα:g :iəd || Shiubhail sé leis ⁊ d’fhág iad.
­hi:l′ :gαχ ­⅄:n dəN′ ­t′r′u:r′ | gə ‑ro N ­po̤Ntə ɛg′ :din′ :i:N′t′αχ ­el′ :ɔkuw || Shaoil gach aon de’n triúr go rabh an punta ag duine éiginteach eile ocu.
χo̤rsəd mɔrαn pwæd′r′αχə αgəs b′αNαχti: l′eʃ αgəs du:rt′ gər wα̃iç ə go:ni: ə. Chuir siad móran paidreacha ⁊ beannachtaí leis ⁊ dubhairt gur mhaith i gcomhnaidhe é.
χïm′αd ʃe iəd gə vɛk′it() ʃɛ gəd′e: jα:n̥ət() ʃiəd. Choimhéad sé iad go bhfeicfeadh sé goidé dhéanfadh siad.
Ner′ ətα: n po̤Nt əgiN′, ərsə f′αr də Nα diL′, gəd′e: jα:n̥ə mwid′ l′eʃ? Nuair atá an punta againn, arsa fear de na daill, goidé dhéanfaidh muid leis?
tα: kɔ:t ə jiç ɔrəmsə, ərsə f′αr də Nα diL′. Tá cóta de dhith ormsa, arsa fear de na daill.
tα: brɔ:g ə jiç ɔrəmsə, ərsə f′αr el′ə. Tá bróga de dhith ormsa, arsa fear eile.
tα: mə vr′ik′f′ɔstə ə jiç ɔrəmsə, ərsə N′ t′r′icuw dαL. Tá mo bhricfeasta de dhith ormsa arsa an tricheadh dall.
tα: er′ rn′r′ik′f′ɔstə ə jiç ɔriN′ əl′ig′. Tá ar mbricfeasta de dhith orainn uilig.
N′i:r′ i mwid′ ən jr′im′ əN′Uw̥. Níor ith muid aon ghreim aniu.
den′m′n′i: ʃiəd t′αχ ɔ:stə ə wi:t() ʃiəd ə m′r′ik′fɔstə. D’ainmnigh siad teach ósta i bhfuigheadh siad a mbricfeasta.
χui ʃəd gə t′αχ ə Nɔ:stə. Chuaidh siad go teach an ósta.
d′iN′iʃ gə rɔ po̤Nt ɔkuw əgəs b′r′ik′f′ɔstə mαiç ə hɔrt dɔ:fə. D’innis go rabh punta ocu ⁊ bricfeasta maith do thabhairt dóbhtha.
Ner′ ə ꬶlαk ʃiəd ə m′r′ik′f′ɔstə du:rt′ f′αr ɔkuw, α hαrLy: gər χyr′ d′iə n po̤Nt iN′ʃɔr̥uw, gər χɔ:r dɔ:fə glïN′ ɔ:l. Nuair do ghlac siad a mbricfeasta dubhairt fear ocu, o tharlaidh gur chuir Dia an punta inseorthu, gur chóir dóbhtha gloinne ól.
fuərsəd t′r′i: ꬶlïN′ iʃk′ə vαhə αgəs d′eir′i: n blæʃ N′i: b′α:r er′ αgəs d′iərsəd t′r′u:r el′ə. Fhuair siad trí ghloinne uisce bheatha ⁊ d’éirigh an blas ní b’fhearr air ⁊ d’iarr siad triúr eile.
dɔiL′ ʃiəd gər hiN′ʃiuw dɔ:fə Nαχ ro N′i:s mo: l′ɛ fα:l′, gə ro Luəχ ə fo̤Nt ɔkuw. D’ól siad gur hinnsigheadh dóbhtha uach rabh níos mó le fagháil, go rabh luach an phunta ocu.
d′i:L′ ʃïn′, ərsə f′αr də Nα diL′. Díol sin, arsa fear de na daill.
d′i:L′ ʃïn′, ərsə f′αr el′ə. Díol sin, arsa fear eile.
d′i:L′ ʃïn′, ərsə N′ t′r′içuw f′αr. Díol sin, arsa an tricheadh fear.
mαχ l′eʃ ə fo̤Ntə, ərsə f′αr Nə tα:vərN′ə. Amach leis an phunta, arsa fear na táibheirne.
tα: d′efr′ ɔrəmsə. Tá deifre ormsa.
vi: N tαnαs əN. Bhí an t‑anas ann.
N′i: ro n f′i:N′ lɛ fα:l′. Ní rabh aon phinginn le fagháil.
vi: f′αr Nə tα:vərN′ə ə virig′. Bhí fear na táibheirne i bhfeirg.
vi: ʃə kyr′ pu:dir′ əN α χyd′ f′ɛəsɔg′ə gə d′eid() ʃə fα χyN′ ən fɔli:s, gə gyrit() ʃə əNə f′r′i:su:n′ iəd. Bhí sé ag cur púdair ann a chuid féasóige go dtéidheadh sé fa choinne an pholice, go gcuireadh sé ’un an phríosúin iad.
əNsə wo̤mwit′ə hen′ik′ ə ʃɛvαli:r əʃt′αχ αgəs du:rt′ l′eʃ gə ro sïgərt er′ ə wel′ə vi: d′eir′k′αχ αgəs gə N′i:l̥ət() ʃə N tær′əg′əd er′ ho̤n Nə mαky:. Anns an bhomaite thainic an chevalier isteach ⁊ dubhairt leis go rabh sagart air an bhaile do bhí déirceach ⁊ go ndíolfadh sé an tairgead air shon na mbacaigh.
rαχə m′ə hein′ l′αt αgəs Lo:r̥′ə m′ə l′eʃ ə tïgərt′. Rachaidh mé fhéin leat ⁊ labhairfidh mé leis an tsagart.
vi: αhαs er′ αr Nə tα:vərN′ə. Bhí athas air fhear na táibheirne.
χUi ə vïrt′ gə t′αχ ə tïgərt′. Chuaidh an bheirt go teach an tsagairt.
fuərsəd ʃk′ɛəl əN′ʃïn′ gə ro N sïgərt ə d′αχ ə fo̤bwil′. Fuair siad scéala annsin go rabh an sagart i dteach an phobail.
χUi ə vïrt′ gə t′αχ ə fo̤bwil′. Chuaidh an bheirt go teach an phobail.
vi: N sïgərt er′ ə NαLtɔr′ ə gɔl ə l′ɛ:uw αf′r′iN′. Bhí an sagart air an altóir ag dul do léigheadh aifrinn.
χUi ə ʃɛvαli:r suəs er′ ə NαLtɔr′ αgəs du:rt′ l′eʃ ə tïgərt gə ro din′ə b′r′ɛə əN′ʃïn′ αχ gə ro ʃɛ t′iN′ α N′αli: αgəs gə den′i ʃə ə jïri: er′ ə tïgərt o̤rNỹ: rα: dɔ:. Chuaidh an chevalier suas air an altóir ⁊ dubhairt leis an tsagart go rabh duine bréagh annsin acht go rabh sé tinn o’n ghealaigh ⁊ go dtainic sé do iarraidh air an tsagart urnaigh rádh dó.
du:rt′ ə sïgərt gə rn′et() ʃïn k′αrt əN′e:i Nαfr′iN′. Dubhairt an sagart go mbéidheadh sin ceart i ndiaidh an aifrinn.
hen′ik′ ə ʃəvαli:r əNuəs αgəs du:rsə, fαn hïs iN′ʃɔ αgəs jo: tuw də fo̤Nt əN′e:i Nαf′r′iN′. Thainic an chevalier anuas ⁊ dubhairt sé, fan thusa annseo ⁊ gheobh tú do phunta i ndiaidh an aifrinn.
Ner′ ə vi: N tαf′r′əN rα:t′ə, χrαiç ə sïgərt ə vɛ:r er′ αr Nə tα:vərN′ə hαχt əN′i:s. Nuair do bhí an t‑aifreann ráidhte, chraith an sagart a mhéar air fhear na táibheirne theacht aníos.
du:rt′ ə sïgərt – go: ər də ꬶlu:n′ə. Dubhairt an sagart – gabh air do ghlúine.
du:rt′ f′αr Nə tα:vərN′ə – wïL tuw gɔl ə hɔrt dũw N tær′əg′id′? Dubhairt fear na táibheirne – bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an tairgid?
du:rt′ ə sïgərt ər′i:ʃt′ – go: ər də ꬶlu:n′ə. Dubhairt an sagart aríst – gabh air do ghlúine.
du:rt′ f′αr Nə tα:vərN′ə – wïL tuw gɔl ə hɔrt dũw n fo̤Ntə? Dubhairt fear na táibheirne – bhfuil tú ag dul do thabhairt domh an phunta?
vi: sLαt jαl ɛg′ ə tïgərt αgəs wuiL′ ʃə f′αr Nə tα:vərN′ə er′ α wlαgɔd′ αgəs du:rsə – go: ər də ꬶlu:n′ əniʃ. Bhí slat gheal aig an tsagart ⁊ bhuail sé fear na táibheirne air a bhlagóid ⁊ dubhairt sé – gabh air do ghlúine anois.
ho̤g f′αr Nə tα:vərN′ə əi(ö̤i) er′ ə dɔrəs αgəs rαh ə sïgərt gə do̤gət() ʃə r′eʃ ə. Thug fear na táibheirne a aghaidh air an dorus ⁊ reath an sagart go dtugadh sé arais é.
αχ d′ïm′i: f′αr Nə tα:vərN′ə. Acht d’imthigh fear na táibheirne.
vi: ʃɛ vir′ig′ αgəs ə to:rt′ m′ïNə mo:r. Bhí sé i bhfeirg ⁊ ag tabhairt mionna mór.
Ner′ ə hen′i ʃə əwel′ə, N′i: ro ʃɛvαli:r Nα dαL Nα bαkαχ l′ɛ fα:l′ ɛg′ə Nα f′ïs k′α d′αχi ʃəd. Nuair thainic sé abhaile, ní rabh chevalier na dall na bacach le fagháil aige na fios ca deachaidh siad.