Page:Scotish Descriptive Poems - Leyden (1803).djvu/230

This page has been proofread, but needs to be validated.
218
NOTES.

ceart canamhna na gaoidheilge, agas ni Nalbain amhain acht An eirind féin acht mara bfuil'sé ag beagan daois caladhna mhaith re dán agas re seanchus agas ag mèid eigin do mhacaibh maithe leighind agas ar na adhbhrasin da bfaghadh faói re healadhain locht sgriobhtha no deachtaidh sa leabhar bheagsa, gabhadh se mo leithsgelsa, óir ni dhearrna mé saothar ná foghluim sa ngaoidheilg, acht amhain mar gach nduine don pobal choitcheand. Acht cheana do gheibhid na daoithe, agas na bromanaigh lochta imarcacha is na neithibh bhios gan locht gan vireasbhuigh & leigidh siad an égoir tharrsa gan an locht bhios go follas indte dfaicsin. Agas ni hád sa cho ir bhios anlocht adeiridsean do bheith indte acht iondtasan féin ar an adhbharsin ni ghebha mé cumairce na buidhne sin, acht ge lionmhar iád, agas ni dhena mé cothughadh lé hainb fios do reir mo thoile no mo mhiana féin, agas ni mó do bhéra mé tarcaisne no toibheim do neach oile ne ghebhas tnuth no formad mhé ris da ndenadh'sé ni is fearr iná mar ta im chumhachtaibh féin do dhenamh: óir atáim ag admhail go bfuil sin sodhenta, acht cheana madhail lé dia so do dhenamh maitheasa no tarbha don eagluis, agas mise do mharthain, do dhena mé tuilleadh saothair do chur na dhiadh so . Diá na nuile chumhacht do deonughadh a sbiraidi naomhta féin dúinne agas daoibhse abhraithreacha agas atseathracha inmhuine, agas dar dteagasg do dhénamh a thoile diadhasun, agas dar seachna ar anemhthoil do dhenamh, tré impidhe, agas tré fhuraileamh Crisd ar dtighearna agas ar náon Tslanaighthoir agas ar naon aidhne agas agas naon teachtaire.

Biodh amhlaidh.